News & Events

Fógra um Chruinniú Poiblí

Monday 7 November 2022

Fógra um Chruinniú Poiblí

Comhchoiste Póilíneachta Chomhairle Contae Chill Mhantáin

Tionólfaidh Comhchoiste Póilíneachta Chomhairle Contae Chill Mhantáin Cruinniú Poiblí Ar Déardaoin 10 Samhain 2022

Ag Ionad Acmhainní Teaghlaigh Bhré Bhig, Ard Chulainn, Bóthar Dargle Uachtarach, Bré, A98 Vh99 Ag Tosnú 7.00 P.M.

Is é cuspóir an CPC fóram a chur ar fáil inar féidir leis an údarás áitiúil agus le hoifigigh shinsearacha an Garda Síochána, atá freagrach as póilíneacht an limistéir sin, dul i gcomhairle agus moltaí a dhéanamh maidir le hábhair a bhaineann le póilíneacht an cheantair agus go háirithe na leibhéil a choinneáil faoi athbhreithniú. agus patrúin na coireachta, an mhí-ord agus an iompair fhrithshóisialta a tharlaíonn agus na tosca is bun leis agus a chuireann leis.

Ar chomhaltaí an choiste tá an tArd-Cheannfort, Baill Shinsearacha na nGardaí, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chill Mhantáin, Comhaltaí Tofa agus ionadaithe ón earnáil dheonach agus pobail.

Díreofar an cruinniú poiblí ar phóilíneacht seachas ar dhaoine aonair agus ar chomhoibriú an phobail a fháil chun coireacht a chosc. Beidh deis ag an bpobal áitiúil a dtuairimí a chur in iúl agus ceisteanna a chur agus tá fáilte roimh chách a bheith i láthair.

Chun táirgiúlacht an chruinnithe a mhéadú agus rannpháirtíocht níos mó a spreagadh is féidir ceisteanna scríofa a chur isteach roimh an gcruinniú chuig hpurcell@wicklowcoco.ie nó i scríbhinn chuig an té atá sínithe thíos.

Ba chóir do na ceistitheoirí a n-ainm agus a sonraí teagmhála a thabhairt, rud nach bhfoilseofar. Cé go ndéanfar gach iarracht an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar i gcúinsí áirithe b’fhéidir nach mbeadh sé indéanta ar chúiseanna dlí nó toisc nach mbeadh sé chun leas an phobail é sin a dhéanamh.

Helen Purcell,
Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach,
Comhairle Contae Chill Mhantáin

Print