Fógra Toghcháin
Comhairle Chontae Chill Mhantáin
Táthar ar tí toghchán a reáchtáil chun comhaltaí do gach aon cheann de thoghlimistéir áitiúla a thoghadh don údarás áitiúil atá luaite thuas.
Is féidir páipéir ainmniúcháin a fháil ón seoladh thíos le linn gnáthuaire oifige.
Féadfaidh duine é féin nó í féin a ainmniú mar iarrthóir i dtoghchán nó féadfaidh duine eile (is duine atá cláraithe mar thoghthóir rialtais aitiúil i limistéar an údaráis áitiúil a bhfuil sé beartaithe ag an duine an t-iarrthóir a ainmniú dó), mar mholtóir, é nó í a ainmniú, lena thoiliú nó lena toiliú i scríbhinn.
Ní mór deimhniú cleamhnachta polaitíochta a bheith ag gabháil le páipéar ainmniúcháin ó iarrthóir páirtí polaitíochta cláraithe agus caithfear é a thabhairt ar aird domsa lena fhoirm/lena foirm ainmniúcháin chomhlánaithe.
Mura mbeidh aon deimhniú tugtha ar aird ní mór don iarrthóir, roimh an am is déanaí chun ainmniúcháin a fháil, ceachtar den dá rud seo a dhéanamh –
- cúig aontú dhéag leis an ainmniúchán a fháil trí dhearbhuithe reachtúla ó thoghthóirí rialtais áitiúil a bheidh cláraithe sa toghlimistéar áitiúil ábhartha (tá na foirmeacha ar fáil uaimse nó ón údarás cláraithe), nó
- éarlais de €100 a íoc (is féidir éarlais a íoc thar ceann an iarrthóra freisin).
- Is é 12 meánlae Dé Sathairn an 4ú lá de Bhealtaine, 2019 an t-am is déanaí le hainmniúcháin a ghlacadh.
Is féidir leis an iarrthóir nó lena mholtóir/a moltóir páipéir ainmniúcháin chomhlánaithe a sheachadadh chugam i bpearsa tráth ar bith a bhím i m’oifig, ó 10am an 27ú lá de hAibreán, 2019 go 12 meánlae ar an lá is déanaí le hainmniúcháin a ghlacadh.
Tá ceangal orm faoin dlí a bheith i láthair le glacadh le hainmniúcháin idir 10am agus 12 meán lae agus idir 2pm agus 5pm Dé hAoine an 3ú lá de Bhealtaine, 2019 agus idir 10am agus 12 meán lae Dé Sathairn 4ú lá de Bhealtaine, 2019.
Má bhíonn toghachán comhraic ann, reáchtálfar vótaíocht an 24ú lá de Bhealtaine, idir 7:00 am agus 10:00 pm.
Tomás Ó Murchú,
Ceann Comhairimh,
Oifig na gConntae,
Baile Chill Mhantáin.
24ú lá de hAibreán, 2019.