Housing

Living  /  Services  /  Housing  /  Leathanach Gaeilge Tithíocht

Leathanach Gaeilge Tithíocht

Seirbhísi Tithíochta

Droch –thréimhse is ea é seo do chách agus tuigeann Comhairle Chontae Chill Mhantáín go mbeidh  deacrachtaí ag ár dtionóntaí agus tionóntaí HAP/RAS mar gheall ar costais teaghlaigh agus cíos a íoc.

Más é sin an scéal, seol do sonraí chugainn go luath (trí mhean ríomhphost ) agus déanfaimid athbhreithniú ar do chíos. Ba cheart duit gach iarracht a dhéanamh do chíos a íoc anois i dtreo is nach mbeidh riaráistí cíosa ort amach anseo. Caithfear a rá go bhfuil seans go mbeidh moill ag baint leis an athbhreithniú seo ós rud é go bhfuil brúnna foirne, ach siardhátfar an coigeartú.

Ba cheart duit an mhéad is mó eolais agus is féidir leat, a sheoladh chuig ceann des na  seoladh riamhphost seo a leanas:

Ras@wicklowcoco.ie  (RAS, Scéim Cóiríochta ar Cíos)

hap@wicklowcoco.ie  (HAP, Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ICT))

rentreview2019@wicklowcoco.ie  (Tithíocht Údaráis Áitiúil )

Déanfaidh Comhairle Chontae Chill Mhantáin gach iarracht chun oibriú agus cabhrú leat i rith an tréimhse seo.