It is proposed to construct a new Public Library and community garden, comprising part single storey, part two storey building with reception area, loan desk, IT space, bookstore and reading areas, children’s library, sensory room, public access meeting room and study spaces and changing places wheelchair accessible WC. Site works will include selective demolition of the non-original parts of the front boundary wall to Main Street, conservation-based repairs to the existing masonry pedestrian access gate to the rear of the site on Mill Lane, provision of vehicular / bicycle parking, connection to all public services, surface water treatment in accordance with SUDS and the creation of a biodiverse sensory garden with native Irish flora, all on a site on Main Street, Aughrim, Co. Wicklow.
Plans and particulars of the proposed development will be available for inspection or for purchase at a fee not exceeding the reasonable cost of making a copy at the Customer Service Desk of the Planning Department, Wicklow County Council, County Buildings, Station Road, Wicklow, A67 HO26, from the 23 September 2026 up to and including 22 October 2026 during opening hours excluding Bank Holidays and are on display at Arklow Municipal District Office, 1 Castle Park, Arklow, Co. Wicklow during opening hours, Monday to Friday excluding Bank Holidays, and in the lobby area of the Aughrim Community Sports Complex, Andy Allen Park, Rednagh Rd, Aughrim Lower, Aughrim, Co. Wicklow, Y14 F868 from 09:00 – 21:00 from the 23 September 2026 up to and including 22 October 2026.
In accordance with Article 250 of the Planning and Development Regulations 2001 (as amended), Wicklow County Council has carried out an Appropriate Assessment (AA) screening and determined that the proposed development, individually or in combination with other plans or projects, is not likely to have a significant effect on a European site.
In accordance with Article 81 and following a preliminary examination under Article 120(1)(b)(i),
Wicklow County Council has also concluded that there is no real likelihood of significant effects on the environment, and an Environmental Impact Assessment (EIA) is not required.
Submissions and observations in relation to the proposed development, dealing with the proper planning and sustainable development of the area in which the development is situated may be made in writing to the Planning Department, Wicklow County Council on or before 12 noon Thursday 5 November 2026. Submissions and observations should be clearly marked “Aughrim Public Library Part 8”.
Submissions will be accepted via Wicklow County Council's Online Consultation Hub.
Submissions can be emailed to ceraconsultation@wicklowcoco.ie
Applications can be submitted via post to:
Mary Cahill, Senior Engineer, CERA, County Buildings, Whitegates, Wicklow Town, Co Wicklow.
Leabharlann Phoiblí nua beartaithe d'Eachroim
De bhun fhorálacha Chuid XI d'Acht na Pleanála agus Forbartha, 2000 (arna leasú), agus Chuid 8, Airteagal 81, de Rialacháin na Pleanála agus Forbartha, 2001 (arna leasú), tabhartar fógra leis seo go bhfuil sé ar intinn ag Comhairle Contae Chill Mhantáin an fhorbairt seo a leanas a chur i gcrích, mar a thuairiscítear thíos:
Leabharlann Phoiblí nua agus gairdín pobail a thógáil — foirgneamh atá páirt-aon-stór agus páirt-dhá stór, ina mbeidh limistéar fáiltithe, deasc iasachta, spás IT, siopa leabhar agus limistéir léitheoireachta, leabharlann do leanaí, seomra céadfach, seomra cruinnithe atá inrochtana ag an bpobal, spásanna staidéir, agus spás leithris do Mhíchumas Domhain agus Iolrach atá inrochtana do chathaoir rothaí. Áireofar leis na hoibreacha suímh: scartáil roghnach ar na codanna neamhbhunaidh den bhalla teorann tosaigh atá ar an bPríomhshráid (Main Street); deisiúcháin chaomhnaithe ar an ngeata cloiche rochtana do choisithe atá ann cheana ag cúl an tsuímh ar Lána an Mhuilinn (Mill Lane); soláthar áiteanna páirceála d'fheithiclí agus do rothair; nascadh leis na seirbhísí poiblí go léir; cóireáil uisce dromchla de réir na gcóras SUDS (Córais Draenála Uirbeacha Inbhuanaithe); agus gairdín céadfach bithéagsúlachta a chruthú le flóra dúchasach na hÉireann — agus é sin uile ar shuíomh ar an bPríomhshráid, Eachroim, Co. Chill Mhantáin.
Beidh pleananna agus sonraí na forbartha atá beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh, nó le ceannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnach a bhaineann le cóip a dhéanamh, ag Deasc Seirbhíse do Chustaiméirí na Roinne Pleanála, Comhairle Contae Chill Mhantáin, Foirgnimh an Chontae, Bóthar an Stáisiúin, Cill Mhantáin, A67 HO26, ón 23 Meán Fómhair 2026 go dtí an 22 Deireadh Fómhair 2026 san áireamh, le linn uaireanta oscailte, gan laethanta saoire bainc san áireamh. Tá siad ar taispeáint freisin in Oifig Cheantar Bardasach Arcló, 1 Páirc an Chaisleáin, Arcló, Co. Chill Mhantáin, le linn uaireanta oscailte, ón Luan go dtí an Aoine, gan laethanta saoire bainc san áireamh, agus i limistéar an fhorhalla in Ionad Spóirt Pobail Eachroim, Páirc Andy Allen, Bóthar Rednagh, Eachroim Íochtarach, Eachroim, Co. Chill Mhantáin, Y14 F868, ó 09:00 go dtí 21:00, ón 23 Meán Fómhair 2026 go dtí an 22 Deireadh Fómhair 2026 san áireamh.
De bhun Airteagal 250 de Rialacháin na Pleanála agus Forbartha, 2001 (arna leasú), rinne Comhairle Contae Chill Mhantáin scagadh Measúnaithe Chuí (AA), agus chinn sí nach dócha go mbeadh tionchar suntasach ag an bhforbairt atá beartaithe, ina haonar nó i gcomhar le pleananna nó tionscadail eile, ar aon láithreán Eorpach.
De bhun Airteagal 81, agus i ndiaidh scrúdú réamhchúraim a dhéanamh faoi Airteagal 120(1)(b)(i), tá sé tugtha le fios freisin ag Comhairle Contae Chill Mhantáin nach bhfuil aon fhíorbhaol ann go mbeidh tionchair shuntasacha ar an gcomhshaol, agus dá bhrí sin nach gá Measúnacht Tionchair Timpeallachta (EIA) a dhéanamh.
Féadfar aighneachtaí agus tuairimí i ndáil leis an bhforbairt atá beartaithe, a bhaineann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair ina bhfuil an fhorbairt suite, a chur isteach i scríbhinn chuig an Roinn Pleanála, Comhairle Contae Chill Mhantáin, trí ríomhphost chuig ceraconsultations@wicklowcoco.ie, nó ar líne ag https://www.wicklow.ie/Living/Consultationhub, tráth nach déanaí ná 12 meán lae, Déardaoin, an 5 Samhain 2026. Ba cheart aighneachtaí agus tuairimí a mharcáil go soiléir "Leabharlann Phoiblí Eachroim – Cuid 8".
Tá tuilleadh eolais i gcoitinne ar fáil trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Gníomhaithe ar son na hAeráide, Comhshaoil, Áineasa agus Taitneamhachtaí, Comhairle Contae Chill Mhantáin, ag 0404 20100.
Sarah McCullough
Stiúrthóir Gníomhach Seirbhísí,
An Roinn Gníomhaithe ar son na hAeráide, Comhshaoil, Áineasa agus Taitneamhachtaí, Comhairle Contae Chill Mhantáin.