Housing

Living  /  Services  /  Housing  /  Leathanach Gaeilge Tithíocht  /  Deisiúcháin Coire

Deisiúcháin Coire

Comhairle, ceisteanna a chuirtear go minic agus eolas faoi deisiúcháín choiregháis agus seirbhís do tionóntáí tithíocht Comhairle Chontae Chill Mhantáín.

Coiregháis 2020

Gach bhlian déanann conraitheoirí RGII seirbhís agus scrúdú sábháilteacht ar an gcóras- gháis i ngach teach ar son Comhairle Chontae Chill Mhantáin. Déantar é saor in aisce do na tionóntaí. Tá fhios againn  cathain a tharla an seirbhís deireanach agus cathain a mbeidh sé in am é a dhéanamh arís, agus dá bhrí sin, níl aon ghá leat glaoch a chur orainn chun é a shocrú.

Caithfidh tú go leor creidmheasa a bheith ar an méadar gháis nuair a thagann an RGI chun an seirbhís a dhéanamh. Mura bhfuil gás ann, ní bhféadfaidh sé an seirbhís a dhéanamh. In ainneoinn sin, déanfar  scrúdú  sábhailteacht  faoi Annex E.

Ní thugann Comhairle Chontae Chill Mhantáin cócaireáin gháis, tine gháis no aon treallamhgháis eile seachas coiregháis don tionónta. Ni dhéanfar seirbhís ar chócaireáin nó tintegháis ach má bhfuil siad ann, déanfar scrúdú sábháilteacht  orthu. Má thagann an RGI ar aon locht ag baint le cócaireán nó tinegháis, tá sé de dhualgas ar an dtionónta, é a chur i gceart.

Nuair a theipeann ar choiregháis agus tá sé in am seirbhís a dhéanamh freisin, déanfar an seirbhís  i rith an chuairt deisiúcháin.

Tá na conraitheoirí RGII seo a leanas, ag obair ar son Comhairle Chontae Chill Mhantáin agus beidh  siad  i dteagmháil le tionóntaí go luath chun cuairt seirbhíse  a shocrú leo.

Giltspur Gas – Ciarán Dunne 086-1621669 or Shane Dunne 086-6015553 – Ceantar Cathrach Bhré.

O’Kane Plumbing & Electrics Ltd – Ceantar Cathrach Bealach Conglais agus CC An tInbhear Mór.

Gaswise Ltd – 01-8315566 – Ceantar Cathrach Chill Mhantáin agus CC Na Clocha Liatha.

Ceisteanna a chuirtear go minic

Soláthar gás/méadair dícheangailte

Dícheanglaíodh mo mhéadar gáis tamaill ó shin nuair nár íoc mé an bille gáis.

Conas is féidir liom é a cheangal suas arís?

Ní  bheidh Gas Networks Ireland sásta soláthar gháis a chur ar fail arís gan teastas RGII uimhir a h-aon. Tá sé de dhualgas ar an dtionónta an teastas sin a fháil. Caithfidh tú dul I dteagmháíl le conraitheoir RGII. Déanfaidh an RGI cigireacht ar an gcóras gháis sa teach agus má tá gach rud in ord, cuirfidh sé teastas RGII uimhir a h-aon ar fáil. Beidh táille ag baint leis an seirbhís seo agus caithfidh an tionónta íoc as. Cáipéis luachmhar is ea RGII Cert 1 agus mar sin ná caill é.

Fógra Dainséar / Notification of Hazard

Le déanaí rinne conraitheoir RGII  seirbhís agus scrúdú sabháilteachta ar an coire gháis. Chomh maith leis an coire tá cócaireán gháis agam. Tá píobán dath oráiste ag dul tríd an bhalla ón gcócaireán go dtí buidéal gáis lasmuigh den teach. Thug sé “Notification of Hazard” dom.  Cad is brí leis?

I rith an cigireacht ar an gcóras gháis sa teach, tháinig an RGI ar locht nó baol éigin –sa chás seo, ag baint leis an slí in a raibh an buidéal gáis ceangailte don cócaireán.  Thug sé Fógra no Rabhadh duit I dtreo is go mbeidh tú san airdeall go bhfuil dainséar ann agus go gcaithfidh tú an fadhb a réiteach gan mhoill.

Déanfaidh Comhairle Chontae Chill Mhantáin aon obair a bheidh  ag teastáil mar gheall ar aon “Notification of Hazard” ag baint le coire ach caithfidh an tionónta cócaireáin agus tinte gháis a réiteach é féin.

Ba mhaith liom athrú ó cuntas nó méadar  bhille go méadar réamhíochta.

I lathair na h-uaire, dar le polasaí an Chomhairle Chontae, níl cead ag tionóntaí “pay as you go” nó méadar réamhíochta  nó méadar cárta gáis a bheith acu.

Deisiúcháin córas teasa gáis.

Tá rud éigin cearr leis an gcóras teasa gáis sa teach. An féidir liom aon rud a dhéanamh?

Sular gcuireann tú glaoch ar Chomhairle Chontae Chill Mhantáin, is fiú súil a thabhairt ar na rudaí seo a leanas:

(1)  An bhfuil creidmheasa ar do mhéadar cárta gáis nó an bhfuil an bille íochta agat?

(2)  An rud chéana mar gheall ar an leictreachas. Ní féidir le aon choire obair gan leictreachas chomh maith le gáis!

(3)  Bí cinnte go dtuigeann tú conas an rialaitheoir teasa a úsáid I gceart.

(4)  Má tá an coire ar lasadh ach tá na radaitheoirí fuar, féach ar an teirmeastat bhalla nó teirmeastat seomra. Má tá an teirmeastat curtha go teocht atá níos isle ná an teocht atá I bhfeidhm sa teach ag an nóiméad seo, níl seans dá laghad go mbeidh na radaitheoirí ag obair.  (B’fhéidir go raibh páistí ag pleidhcíocht leis). Cas cnaipe an teirmeastat deiseal  ar fad. Tá seans maith anois go h-ardófaí teocht na radiatheoirí. Is féidir leat an teirmeastat a chasadh tuathal má éirionn sé ro –the sa teach in a dhiaidh sin.

(5)  Má tá an coire ar lasadh agus tá teas sna radaitheoirí ach níl aon uisce te agat, cur súil ar an teirmeastat ar an sorcóir uisce te sa chófra te. Cosúil le (4) cas cnaipe an teirmeastat deiseal go 60 -70 céim Celsius.

Seirbhís Éigeandála Gáis – Uimhir Teileafón – 24 uair

Má fhaigheann tú boladh gáis sa bhaile nó ar na tsráid, cuir glaoch láithreach ar Gas Networks Ireland ar:

1850-20-50-50

24 –uair, 7 lá.

Le h-aghaidh níos mó eolais a fháil ar cad ba cheart a dhéanamh  má fhaigheann tú boladh gáis, téigh go dtí:

www.gasnetworks.ie/en-IE/Safety/Gas-Safety-in-the-home/How-to-turn-your-gas-on-and-off/