Housing

Living  /  Services  /  Housing  /  Leathanach Gaeilge Tithíocht  /  Deisiúcháín Éigeandála

Deisiúcháín Éigeandála

Uimhreacha teileafón teagmhála tábhachtacha agus conas cabhair a fháil má tá deisiúcháin práinneacha ag teastáil uait lasmuigh de na gnáthuaireanta oibre Chomhairle Chontae Chill Mhantáin. Bí cinnte go dtéann tú i dteagmháil le Oifigí an Cheantar Bardasach áitiúil mar gheall ar deisiucháin tithíochta.

Deisiúcháin Tithíochta lasmuigh de gnáthuaireanta oibre

Más tionónta Chomhairle Chontae Chill Mhantáin thú (i.e. tá tú i do chónaí i dteach ar leis Comhairle Chontae Chill Mhantáin) agus tá deisiúcháin tromchúiseach ag teastáil mar gheall ar na rudaí seo a leanas, is féidir leat an uimhir teileafón thíos a úsáíd chun cabhair a fháíl:

  • An córas gháis sa teach (coiregháís srl)
  • An córas ola (coire ola)
  • Pluiméireacht i gcoitinne (píobaí pléasctha, sistéal uisce pléasctha, srl)
  • Córas leictreachais (locht tromchúiseach).

(Ba cheart do tionóntaí an Treoir Tionóntachta a léamh mar tá na gnáthrialacha i bhfeidhm fós mar gheall ar Deisiúcháin atá de dhualgas orthu féin a dhéanamh. Ba cheart gnáthdeisiúcháin a thuairisciú don Oifig Ceantar Bardasach áitiúil i rith gnáthuaireanta oibre.)

Uimhir Teileafón le h-aghaidh cabhair deisiúcháin tithíochta lasmuigh de gnáthuaireanta oibre  01 291 0911

Freagraífear glaonna in ionadglaonna agus tabharfaidís na sonraí do chonraitheoir oiriúnach.

Beidh an uimhir seo ar siúl lasmuigh de na gnáthuaireanta oibre Comhairle Chontae Chill Mhantáin amháin – um Nollag agus an Athbhliain san áireamh.

Deisiúcháin Tithíochta

Má tá deisiúcháin ag teastáil sa teach agat, ar an gcéad dul síos, caithfidh tú an Treoir Tionóntachta a scrúdú chun a fháil amach cé atá freagrach – an Tionónta nó an Comhairle Chontae. Sa dara cás, téigh i dteagmháil leis an Oifig Cheantar Bardasach áitiúil i rith gnathuaireanta oifig idir 0900 agus 1700. Tógfaimid é idir lámha chomh luath agus is féidir linn.

Tá a thuilleadh eolais le fail sa Treoir Tionóntachta. (Ceangailte thíos)

Sonraí Teagmhála

  • Ceantar Bardasach an tInbhear Mór, Páirc an Chaisleán, An tInbhear Mór.
    Guthán: 0402 42700
    Ríomhphost: ArklowMD@wicklowcoco.ie 
  • Ceantar Bardasach Bealach Conglais, Páirc Ghnó Baile Choimín, Baile Choimín
    Guthán: 045 891222
    Ríomhphost: BaltinglassMD@wicklowcoco.ie 
  • Ceantar Bardasach Bhré, Larionad Cathrach Bhré, Príomhsráíd Bhré
    Guthán: 01 274 4900
    Ríomhphost: BrayMD@wicklowcoco.ie 
  •  Ceantar Bardasach na Clocha Liath, Bóthar an Mhuillean, Na Clocha Liath
    Guthán: 01 287 6694
    Ríomhphost: GreystonesMD@wicklowcoco.ie 
  • Ceantar Bardasach Chill Mhantáin, Halla an Bhaile, Cearnóg na Margadh, Cill Mhantáin
    Guthán: 0404 20173
    Ríomhphost: WicklowMD@wicklowcoco.ie