Housing

Living  /  Services  /  Housing  /  Leathanach Gaeilge Tithíocht  /  Easpa Dídine

Easpa Dídine

Eolas maidir le  acmhainní easpa dídine ar fáil ó Chomhairle Chontae Chill Mhantáin agus sonraí teagmhála don Aonad do Dhaoine Gan Dídean.

Tá Comhairle Chontae Chill Mhantáin fós ag athrú, de réir dea-chleachtas, ó mhúnla soláthar cóiríochta éigeandála do dhaoine gan dídean, a bhraitheann ar  aonaid mhór, go dtí an múnla “Tithíocht i dTosach”. Cuirtear é sin i gcrích ar slite éagsúla cosúil le aonaid níos lú le tacaíocht cuairte le haghaidh triúr nó ceathrar i dteach amháin, comh maith le aonaid a fháil ó Chomhlachtaí Tithíochta Dheontach, an earnáil tithíochta chíosa príobháídeach agus ón údarás áitiúil féín go díreach do dhaoine i mbaol easpa dídine.

Más duine gan dídean thú atá cláraithe le Comhairle Chontae Chill Mhantáin, is féídir leat iarratas a dhéanamh ar an Rannóg Easpa Dídine maidir le HAP (Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta ICT). Cuir glaoch orainn ag 0404 20120 agus fiafraigh dínn cruinniú leis an oifigeach Easpa Dídine.

Teagmháil leis an Aonad Daoine Gan Dídean (ADGD)

Tugann an Aonad Daoine Gan Dídéan íocaíochtaí de réir an Scéim Liúntas Leasa Forlíóntach agus tugtar comhairle maidir le cearta leasa sóisialaigh.

Cuir glaoch, le do thoil, ar 1800 724 724  chun a thuilleadh sonráí a fháíl.

Trí shaghasanna íocaíochta:

  • Íocaíocht Bunúsach (Liúntas Leasa Forlíontach) 'Airgead Seachtainiúil nó Airgead Beatha' – Is íocaíocht gearr-théarmach é seo. Go minic, íoctar é seo nuair atá an éilitheoir ag fanacht ar bhronnadh liúntas fad-téarmach nó mura bhfuil aon scéim eile ar fail don éilitheoir.
  • Forlíonadh ar íocaíocht bunúsach – tar éis bronnadh Liúntas Leasa Forlíontach Bunúsach nó éileamh Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialai (RGFCS), b’fhéidir go n-íocfar forlíonta mar gheall ar costais athfhillteacha, cosúil le cíos nó taistil. Braitheann sé seo ar sonraí gach cás agus caithfear iad a dheimhniú.
  • Íocaíochtaí ar Riachtanais Eisceachtúil (IRE) – íocaíochtaí aon uaire is ead iad seo, le haghaidh costais gan choinne nach féidir a íoc ó ioncam seachtainiúil cosúil l’éarlaisí chíosa agus costais taisteal (go dtí oifig an Aonad Daoine Gan Dídean).

Cabhróidh an ADCD leat freisin, éileamh a dhéanamh mar gheall ar ghnáth-íocaíochtaí lease sóisialacha – Liúntas Cuardaitheora Poist, Liúntas Míchumais, Sochar Linbh, srl.

Mura bhfuil cárta leighis agat, labhair leis an ADGD agus déan iarratas – ná fhan go dtí go bhfuil tinneas ort. Is féidir go ndéantar iarratais ar cartáí leighis níos tapúla ná mar is gnáth. Gur glaoch ar 1850 252 919 le do thoil.

Is féídir le Oifigigh Leasa an Phobail san ADGD eolas agus comhairle a chur ar fáil maidir le cuid mhaith cúrsaí a bhfuil tionchar acu gach lá ar saolta doine gan dídean.

Beidh ort cruthúnas maoine –  sonraí d’aon foinse ioncam nó stair fostaíochta a chur ar fáil.

Le haghaidh tuilleadh eolais, teígh i dteagmháíl le  www.welfare.ie 

Plean Easpa Dídine an Réigiún Lár-Oirthir 2018 - 2020 

Cliceáil le do thoil ar an nasc seo le haghaidh sonraí iomlan an Phlean a fháil: MidEastHomeless2018-1-2

Socruithe Aimsir Fuar 

Seirbhís le 12 “bed-night” ag obair i mBré is ea an Tionscnamh Aimsir Fuar 2018-2019. Is comhpháirtíocht é idir  Comhairle Chontae Chill Mhantáin , An Chomhphobal Simon Atha Cliath agus “The Five Loaves Homeless day centre”.

Cuirtear daoine ar aghaidh don seirbhís ag Comhairle Chontae Chill Mhantáín 0404 20120, Five Loaves Homeless Services (01) 204 0960, Ríomhphost: info@whfiveloaves.com , Dublin Simon Community Bray, Ríomhphost: wicklow@dubsimon.ie agus na Gardaí i mBré (01) 6665300.

Beidh uaireanta oscailte an seirbhís níos faide ón Aoine, 1ú Feabhra, ar oscailt ó 4 p.m.  ag súil le teochtanna an íseal agus baol  sneachta ann.